Saol an Phríosúin

Tógadh an príosún nua i gCill Mhaighneann mar fhreagra ar dhrochstaid na bpríosún san ochtú haois déag, ach in ainneoin sin níorbh fhada gur thosaigh na fadhbanna céanna ag teacht chun cinn ann agus a bhí le feiceáil sa seanphríosún. Róphlódú an chúis ba mhó a bhí leis sin. Ar feadh cuid mhaith den naoú haois déag, suas go dtí na 1860idí ar a laghad, d’eascair galair, drochshláinte agus drochshláinteachas ón bplódú sin, agus ba é an chúis nach bhféadfaí roinnt cheart a dhéanamh idir daoine fásta agus páistí (agus, go deimhin, idir fir agus mná) sa phríosún, ach iad go léir caite i mullach a chéile mar dhaoránaigh.

Bhí cúiseanna éagsúla leis an bPríosún a bheith róphlódaithe. Ar an gcéad dul síos bhí sé á úsáid mar ionad coinneála do dhaoránaigh a bhí le cur an loch amach chun na hAstráile. Ansin tháinig aimsir an Ghorta Mhóir agus tháinig méadú as cuimse ar líon na gcoireanna a bhain le bia a ghoid. Fadhb eile ba ea go gcoinneofaí daoine a raibh meabhairghalair orthu mar choirpigh sna príosúin. Ba é toradh an easpa spáis le linn na tréimhse fada seo go raibh suas le cúigear á gcoinneáil i gcillíní a bhí ceaptha d’aon duine amháin ag pointe áirithe. Is in olcas a d’imigh cúrsaí nuair a tháinig an tAcht Fuaidireachta (Éire) i bhfeidhm in 1847, acht a d’éiligh gabháil lucht déirce.

Numbers of these wretched creatures are obliged to lie on straw in the passages and dayrooms of the prison without a possibility of washing or exchanging their own filthy rags for proper apparel… Upon the necessity of passing this Act, it is not our place to pass an opinion, but of its effect upon the condition of the gaols we are painfully conscious. The committing of vagrants led to the introduction of fever and dysentery into a crowded prison and the sacrifice of many lives.

Tuairisc an Ardchigire, 1847

Fíorbheagán bia ar fad a bhí á fháil ag na príosúnaigh le linn an Ghorta Mhóir. Laghdaíodh an cion a thuilleadh fós nuair ba léir go raibh daoine ag déanamh coireanna d’aon turas chun go ndaorfaí sa Phríosúin iad, áit a mbeadh bia rialta le fáil. Bhí prátaí ar cheann de phríomhbhianna an Phríosúin tráth, ach baineadh den chlár bia go hiomlán iad, mar a tharla sa chuid eile den tír freisin. Tháinig arán agus min ina n-áit, agus ní bheadh rian na bprátaí le feiceáil arís go dtí 1855. Bhí cion bia difriúil leagtha amach d’fhir, de mhná agus de pháistí. Mar ghnáthréim bhia do phríosúnach fireann in aghaidh an lae i lár an 19ú haois, d’fhéadfadh go mbeadh min bhuí (arbhar) agus bainne aige den bhricfeasta, agus arán agus bainne nó praiseach (nó anraith) don dinnéar.

Scarfaí na daoránaigh i gcomhair aclaíochta. Bhí dhá chiorcal siúlóide i gclós na díbirte. Chuirtí iad siúd a bhí daortha chun báis mar aon leo siúd a bhí daortha chun díbirte i gceann amháin. Shiúil na príosúnaigh a bhí daortha go sealadach an ceann eile. Bhí clós níos lú in aice láimhe le haghaidh na mban. Bhí clós beag aclaíochta na leanaí in aice láimhe chomh maith, ach é scoite amach. Fuair gach daoránach uair an chloig amháin amuigh faoin spéir in aghaidh an lae.

D’oibrigh príosúnaigh sa Phríosún chomh maith. Dá ngearrfaí pianbhreith dhaoroibre ar fhear chuirfí ag briseadh clocha de lámh i gClós na mBristeoirí Cloch é. Chuirfí bean ag obair sa neachtlann. Tar éis 1844, rinne agus dheisigh na daoránaigh a n-éide phríosúin féin chomh maith. Bhí obair eile sa bhreis air sin, na cillíní agus na láithreacha poiblí a ghlanadh agus aire (de shaghas) a thabhairt do ‘na gealta’ ina measc. Aon pháiste ar gearradh níos mó ná coicís air, fuair sé teagasc scoile seachtainiúil ón séiplíneach.

Ón gcéad lá amach, gnáthphríosúnaigh seachas príosúnaigh pholaitíochta a bhí i bhformhór mór an daonra sa Phríosún. Féichiúnaithe ba ea leath de na príosúnaigh nuair a d’oscail an Príosún ar dtús. Bhí an fuílleach roinnte idir robáil, ionsaí, éigniú, dúnmharú, déchéileachas, stiléireacht aindleathach, agus airgead bréige a dhéanamh. Cuireadh iad siúd ar measadh iad a bheith lagintinneach sa charcair chomh maith, mar aon le lucht déirce. Tháinig méadú suntasach ar ghadaíocht bhia le linn an Drochshaoil. Coireanna an-neafaiseacha go deo a bhí i gceist i mórchuid na gcásanna; fiú na fiacha a bhí ar go leor de na daoránaigh luaithe, ní raibh i gceist leo ach suimeanna fíorbheaga airgid de ghnáth.

Bhí dálaí na mban níos measa i rith an ama ná mar a bhí do na fir. Má tharla sé go raibh leanbh faoi bhun dhá mhí dhéag d’aois ag bean, is minic a tháinig sé lena mháthair agus d’fhan léi go deireadh a téarma príosúntachta. Nuair a tógadh an Sciathán Thoir nua in 1861, é breá geal agus aerach, b’iad na fir a bogadh isteach ann. Coinníodh na mná sa Sean-Sciathán dorcha Thiar. Bhraith na dálaí ar stádas an phríosúnaigh chomh maith. Ní raibh aon rogha ag príosúnaigh bhochta ach cloí go hiomlán le córas an Phríosúin ach bhí príosúnaigh eile a bhí saibhir nó mór le rá ábalta roinnt cillíní a chóiriú mar ba mhian leo, iad a líonadh lena gcuid troscán féin, agus casadh le cuairteoirí gan bhac ar bith.

Tá sonraí na ndaoine a coinníodh i bPríosún Chill Mhaighneann breactha síos i gceithre cinn is fiche d’imleabhair mhóra. Tá siad seo le fáil i gCartlann Náisiúnta na hÉireann anois.

Léigh faoi na príosúnaigh ar gearradh breith dhíbeartha orthu.

Foghlaim tuilleadh