Téarmaí agus Coinníollacha

1. Ní thabharfar aisíocaíocht ar thicéid a cheannaítear ar líne ach amháin:
a. Má théann tú i dteagmháil leis an suíomh taobh istigh de uair amháin tar éis an cheannaigh
b. Má tá ar an suíomh do chuairt a chur ar ceal.
Sna cásanna seo, tabharfaimid aisíocaíocht iomlán
2. Ní féidir ticéid a cheannaítear ar líne a mhalartú. Ní féidir na ticéid nach n-aiscíoctar faoi na téarmaí a leagtar síos in Alt 1) a athrú in aon chor
3. Ní féidir ticéid a cheannaítear ar líne a aistriú go duine eile
4. Caithfear an cárta lascaine cuí a thaispeáint ar theacht isteach má cheannaítear ticéid mic léinn nó ticéid do chuairteoirí le Cártaí Oidhreachta, mura bhfuil sé ann beidh an táille isteach iomlán de dhíth. Is ag foireann an tsuímh a bheidh an cinneadh deiridh agus ní athrófar cinneadh an chomhlachta
5. Ní cheadaítear áirithintí grúpa ar líne agus caithfear iad a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le gach láthair ar bhonn aonair; féach, le do thoil, coinníollacha iontrálacha gach láithreáin. Má theipeann ort meas a léiriú ar na riachtanais áirithinte ar líne, diúltófar cead isteach duit agus ní aisíocfar na ticéid. Má bhaineann tú mí-úsáid as an gcóras áirithinte ar líne, b’fhéidir nach mbeidh tú in ann áirithintí a dhéanamh amach anseo
6. Le ticéid ina bhfuil am áirithe i gceist, ní fhreastalófar ar theacht déanach agus ní aisíocfar ticéid
7. Úsáidfear aon eolas pearsanta a thugann tú dúinn don chuspóir cuí amháín. Is é an beartas atá againn gan eolas teicniúil a nochtadh maidir le cuairteoir idirlín ar leith d’aon thríú páirtí riamh mura gcaitear é a dhéanamh faoi riail an dlí. Ní úsáidfear an t-eolas teicniúil ach amháin do chuspóirí staitistiúla agus riarachán. Tabhair faoi deara nach n-ionann sonraí teicniúla nach mbaineann le duine ar leith agus ‘sonraí pearsanta’ chun críocha na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988-2003
8. Caithfear gach áirithint cloí leis na rialacha agus na rialacháin a leagtar amach sa Ráiteas um Chosaint Leanaí atá ag Oifig na nOibreacha Poiblí. Mura nglactar leis, diúltófar cead isteach agus ní aisíocfar ticéíd.
Moltar do scoileanna gur féidir leo leas a bhaint as Scéim na dTuras Oideachasúla Saor in Aisce do Scoileanna ach ní féidir áirithintí a dhéanamh ar líne. Chun géilleadh leis an Ráiteas um Shábháilteacht Leanaí, ba chóir d’eagraithe eolas a chur ar choinníollacha na Scéime agus teagmháil díreach a dhéanamh le gach suíomh chun a dturais a eagrú
9. Tuigtear go bhfuil tú tar éis rochtain na suíomhanna a sheiceáil agus gur aithníonn tú na srianta agus na contúirtí féideartha nuair a ghlacfar le d’áirithint. Ní thabharfar aisíocaíocht do sheirbhísí nach n-úsáidtear
10. Caithfear dearbháin/lascainí a fhuascailt ag am ceannaigh agus ní féidir iad a úsáid d’aon chuspóir eile seachas lascainí nó duaiseanna áirithe a fhuascailt. Ní féidir aisíocaíocht a fháil ó dhearbháin/lascainí dá luach airgid tirim. Ní bheidh roinnt tairiscintí ar fáil do réamháirithintí; breathnaigh ar théarmaí agus coinníollacha na tairisceana le do thoil
11. Táimid tiomanta do sholáthar seirbhisí éifeachtúla den scoth dár gcustaiméirí de réir Chairt Chustaiméirí Oifig na nOibreacha Poiblí. Faraor, má tá gearán agat, déan teagmháil díreach leis an suíomh chomh luath agus is féidir. Déanfaidh siad fiosrúchán iomlán air agus déanfaidh siad gach iarracht réasúnta chun é a réitiú. Mura bhfuil tú sásta le réiteach an ghearáin, rachaidh sé chuig Ceannasaí na Rannóige cuí
12. D’fhéadfadh go mbrathfadh oscailt láithreán de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ar an aimsir agus chun sábháilteacht agus folláine gach duine a dheimhniú, d’fhéadfaí go mbeadh rochtain faoi réir athuithe ar gearrfhógra. Déanfar gach iarracht chun na hiaimh seo a fhógairt roimh am ach má tá aon amhras ort, déan seiceáil leis an láthair le do thoil le haghaidh a Stádas Oscailte/Dúnta