An Foirgneamh

Osclaíodh Príosún Chill Mhaighneann sa bhliain 1796. ‘An Príosún Nua’ a baisteadh ar dtús air toisc gur tháinig sé in áit seanphríosúin a bhí lonnaithe thart ar an gceantar ina bhfuil Cnocán an Bhrúnaigh sa lá inniu. Amhail formhór na bpríosún san ochtú haois déag, ní raibh mórán d’ord ná d’eagar ar an bPríosún. Bhí fir, mná agus páistí á gcoinneáil i mullach a chéile, bhí gardaí an phríosúin cruálach, agus bhí na dálaí ann mífholláin. Rinne an ghluaiseacht chun na príosúin a athchóiriú, faoi stiúir John Howard (1727-1790), agóidíocht in aghaidh na dálaí seo agus thacaigh siad le hathrú go dtí cillíní aonair agus le háiseanna a chothaigh sláinteachas agus sláinte.

[This gaol is] extremely insecure, and in an unwholesome bad situation with narrow cells sunk underground, with no hospital. Through the windows of the prison the inmates conversed freely with acquaintances in the street from whom they procured instruments to assist escape. Spirits and all sorts of liquors were constantly served to the prisoners who were in a continual state of intoxication.

Coiste Pharlaimint na hÉireann, Tuarascáil 1782 (ar an seanphríosún)

Tosaíodh ar thógáil an phríosúin nua in 1786 agus chosain sé £22,000 ar Ard-Ghiúiré Chontae Bhaile Átha Cliath faoin tráth ar críochnaíodh é. John Trail (c. 1725-1801) ba ea an t-ailtire. Roghnaíodh Cnoc na Croiche mar láthair, in aice le suíomh an tseanphríosúin. Talamh ard ba ea í agus chiallaigh sé sin go mbeadh an draenáil níos fearr ann. Mar aon leis sin, ceapadh go gcabhródh sé aer níos úire a scaoileadh tríd an bpríosún. Tá an príosún díreach tógtha i bpictiúr Ashford, atá le feiceáil anseo. Bhí an dá sciathán bunaidh fós ann agus bhí talamh féarach le feiceáil mórthimpeall an tsuímh. Aolchloch agus eibhear a roghnaíodh mar ábhar an phríomhfhoirgnimh.

Bhíodh cónaí ar ghardaí an phríosúin sa bhloc tosaigh i lár baill agus bhí cillíní na bpríosúnach sa dá sciathán ar an taobh. Potaí fuail sna cillíní a bhí mar áiseanna leithris acu. Ní bhíodh de theas agus de sholas sna cillíní ach coinnle, scaipthe anseo agus ansiúd go fánach (cuireadh solas gáis isteach sna 1840idí).

Tá na foirgnimh agus na clóis inmheánacha timpeallaithe ag balla tiubh, idir 30’ agus 50’ domhain ag brath ar an láthair. Ba é an doras suntasach an phríomhbhealach isteach. Tá cúig arracht uafásach lúbtha sa spás os a chionn. Táthar tar éis cur síos orthu seo mar dhragain, deamhain, ollphéisteanna agus hiodra. Tá sé ráite go seasann siad don chúig choir is measa: dúnmharú, éigniú, gadaíocht, tréas, agus píoráideacht. Díreach taobh amuigh den bhealach isteach seo a tharlódh an crochadh poiblí, nós a lean ar aghaidh go dtí deireadh an naoú haois déag. Tá cuid de na daingneáin don chroch le feiceáil go fóill. Sna 1880idí a tógadh na ráillí atá thart ar an spás seo inniu ar dtús.

Rinneadh atógáil iomlán ar an sciathán thoir ag deireadh na 1850idí. John McCurdy ainm an ailtire a bhuaigh an comórtas oscailte. Máisiún agus ailtire oifigiúil Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ba ea é. Bhí córas nua beartaithe don sciathán nua ón uair a fógraíodh an comórtas in 1857. D’oscail sé ceithre bliana níos déanaí agus bhí rian na smaointe an-éagsúla a bhí sa bhfaisean i ré Victoria le feiceáil go soiléir air. Is féidir gach ceann den 96 cillín a fheiceáil ó lárionad breathnóireachta, smaoineamh atá bunaithe ar an Panopticon. Baineadh úsáid mhór as solas an lae, rud a bhí d’aon ghnó agus bunaithe ar an bhfealsúnacht. Measadh go mbeadh inspioráid spioradálta le fáil ag na daoránaigh ón bhfuinneog dín ollmhór, agus go spreagfadh fuinneoga na gcillíní, a bhí díreach ró-ard le féachaint amach astu, na daoránaigh lena n-aghaidh a iompú i dtreo na bhflaitheas. Faoi thalamh, ag leibhéal íoslaigh sa sciathán nua seo, bhí ceithre chillín leithlise ina gcoimeádfaí príosúnaigh i ngéibheann dorcha agus aonarach.

Foghlaim faoi athchóiriú an fhoirgnimh san fichiú haois.

Foghlaim tuilleadh