Covid-19

 

Fáilte go Músaem Phríosún Chill Mhaighneann.

De réir na comhairle maidir leis an tsláinte phoiblí agus treoracha an rialtais, tá roinnt leasuithe déanta againn ar thaithí an chuairteora i bPríosún Chill Mhaighneann. Tá na bearta seo tugtha isteach ar mhaithe le sláinte agus leas ár gcuairteoirí agus ár bhfoireann araon.

Chun líon na gcuairteoirí a bhainistiú agus chun dealú sóisialta cuí a chinntiú, is gá gach ticéad a chur in áirithe ar líne roimh ré. Ní bheidh aon ticeád ar fáil ag an láthair féin agus beidh ár ndeasc fáilte dúnta go gcuirfear a mhalairt in iúl.

Tá minicíocht na dturas laghdaithe againn chomh maith, mar aon le líon na dticéad atá ar fáil do gach turas. Tá ionaid díghalraithe lámh, córais aontreo agus marcóirí urláir curtha i bhfeidhm ar fud na láithreach.

Má tá comhartha sóirt ar bith ag cur ort, giorra anála, fiabhras nó scornach thinn, mar shampla, iarraimid ort fanacht sa bhaile.

 

Cad a bheidh romhat

Ar thuras treoraithe amháin a bhíonn cead isteach go Príosún Chill Mhaighneann.

Glacann an turas treoraithe timpeall 45 nóiméad.

Ba chóir éadaí atá oiriúnach don aimsir a chaitheamh ar chuairt, óir tá cuid den turas faoin spéir.

Iarrtar ar gach cuairteoir 2 mhéadar de dhealú a choinneáil idir iad agus a dtreoraí agus idir iad agus na cuairteoirí eile ar an turas i gcónaí.

 

Ticéid a chur in Áirithe

Ní mór gach ticéad a chur in áirithe ar líne. Ní bheidh ticéid ar fáil ar an láthair.

Déantar an cead isteach a bhainistiú trí thicéid atá sainithe d’amanna ar leith. Ní thabharfar aisíocaíocht ar na ticéid agus ní féidir iad a athrú go dtí dáta/am eile. Faraor, ní bheifear ábalta freastal ar aon duine atá déanach.

Má tá ticéid a cuireadh ar ceal ar fáil don lá, déanfar iad a scaoileadh le ceannach ar líne gach maidin idir 9am – 9.15am.

Is féidir ticéid a cheannach 28 lá roimh dáta na cuairte.

Ní mór do gach cuairteoir ticéad a bheith acu, leanaí faoi 12 san áireamh.

Ní mór dóibh siúd le Cárta Oidhreachta ticéad a chur in áirithe ar líne chomh maith agus Cárta Oidhreachta bailí a thaispeáint ag an mbealach isteach.

Ba chóir do chuairteoirí faoi mhíchumas agus cúramóirí dul i dteagmháil linn chun spásanna sa todhchaí a fhiosrú agus chun ticéid a chur in áirithe. kilmainhamgaol@opw.ie

Ní féidir linn freastal ar ghrúpaí móra/grúpaí scoile go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

 

Nuair a Shroicheann tú an Láthair

Le do thoil,  tar go dtí an láthair níos luaithe ná 15 nóiméad roimh an am atá leagtha síos do do thuras. Ní bheidh cead isteach san fhoirgneamh roimhe sin.

Scrúdófar na ticéid nuair a thagann tú. Ba chóir do chuairteoirí ticéid a phriontáil roimh ré nó na ticéid/rphost dearbhaithe a bheith le feiceáil go soiléir ar a nguthán. Beidh an fhoireann ábalta d’áirithint a aimsiú má thugann tú d’ainm/seoladh rphoist chomh maith.

Le do thoil, úsáid an díghalrán lámh atá curtha ar fáil ar an mbealach isteach/amach agus cloígh leis na treoracha maidir le dealú sóisialta agus tú ar cuairt anseo.

 

Áiseanna

Is fiú do chuairteoirí na háiseanna leithris in Ionad Cuairteoirí Theach na Cúirte a úsáid sula dtosaíonn an turas.

Ní cheadaítear naíchóistí ná pramanna ar na turais.

Faraor, níl seomra cótaí ná locair ar fáil.

Beidh an Caifé agus an Siopa Cuairteoirí dúnta go dtí go bhfógrófar a mhalairt.

 

Má tá aon cheann de chomharthaí sóirt Covid 19 ag imirt ort, nó má tharla tú i dteagmháil le duine ar bith a tholg an víreas le 14 lá anuas, cuir do chuairt chugainn ar athló, le do thoil.