Bailiúchán
Ba í cóip bhunaidh d’Fhorógra na Poblachta a tháinig ó Kathleen Clarke in 1963 an chéad earra a bronnadh ar Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann, agus ó shin i leith tá thart ar 10,000 earra curtha léi sa bhailiúchán.
Braitheann an músaem go mór ar fhlaithiúlacht ghnáthdhaoine atá sásta earraí a bhronnadh ar Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann a léiríonn gnéithe de stair pholaitiúil agus phionósach na hÉireann. Tá réimse leathan earraí i mbailiúchán Phríosún Chill Mhaighneann, ábhar lámhscríbhinní, grianghraif, nuachtáin, armra, saothair ealaíne, boinn, cultacha agus giúirléidí pearsanta ina measc. Tá tathag ar leith sa bhailiúchán maidir le hábhar a bhaineann le Réabhlóid na hÉireann, 1916-23.
Is iad Cumann Athchóirithe Phríosún Chill Mhaighneann (CAPCM) a chuir tús leis an mbailiúchán. Ba iad sin an grúpa deonach a riar Príosún Chill Mhaighneann mar láthair oidhreachta agus mar mhúsaem idir 1960-1986. Sa tréimhse seo bhailigh CAPCM earraí a bhain le stair náisiúnach agus phoblachtach na hÉireann ó 1798 ar aghaidh, earraí a cuireadh ar taispeáint i Sciathán Thoir an fhoirgnimh. Ar na hearraí suntasacha a cuireadh leis an mbailiúchán bhí ábhar a bhain le Charles Stewart Parnell agus Mícheál Ó Coileáin, earraí agus doiciméid a bhain le ceannairí Éirí Amach 1916 a cuireadh chun báis, agus bailiúchán leathan d’armra a bhain den chuid is mó leis an tréimhse 1914-23.
Sa bhliain 1986 aistríodh úinéireacht an bhailiúcháin go dtí Stát na hÉireann. Faoi riar Oifig na nOibreacha Poiblí, thosaigh Músaem Phríosún Chill Mhaighneann ag bailiú ábhar a bhain le stair phionósach Phríosún Chill Mhaighneann agus ag an am céanna leanadh de bheith ag bailiú ábhar a bhain le stair náisiúnach agus phoblachtach na hÉireann. Osclaíodh foirgneamh músaeim saintógtha ag Príosún Chill Mhaighneann in 1996, rud a chur áiseanna níos fearr ar fáil chun an bailiúchán a chur ar taispeáint. Reáchtáladh taispeántas sealadach mór dar teideal ‘Gunnaí agus Sreabhann’ in 1997 agus spreag sé sin tabhartais d’ábhar a bhain le gníomhaíochtaí an mbanréabhlóideach sa tréimhse 1916-23.
Is ábhar cartlainne atá i gcuid de bhailiúchán Phríosún Chill Mhaighneann chomh maith agus is féidir é sin a cheadú ar mhaithe le taighde. Cé go bhfuil an bailiúchán seo réasúnta beag, tá ábhar tábhachtach ann i dtaca leis an bpríosúnacht pholaitiúil sa tréimhse 1916-23, ábhar suntasach maidir le taithí na mban sa Chogadh Cathartha agus ábhar a bhaineann le pearsana lárnacha cosúil le hÉamon de Valera, Seán Heuston, Abhaistín de Staic agus Patrick Moran.
Gné fíorláidir de na bailiúcháin chartlainne is ea an t-ábhar a bhaineann le taithí ‘na gnáthbhall’ d’Óglaigh na hÉireann agus d’Arm na Poblachta, 1916-23.
- Bosca Díbeartha Sheahan (1842)
- Éire Óg Shakespeare (1848)
- Duillín Béile (1849)
- Litir C.S. Parnell (1891)
- Clog an Asgard (1914)
- Forógra (1916)
- Litir Michael Mallin (1916)
- Cros Chéasta an Phiarsaigh (1916)
- Paidrín Thomáis Mhic Dhonnchadha (1916)
- Muga Chathail O’Shannon (1916)
- Bróg Sheáin Uí Threasaigh (1920)
- Leabhar Síniúcháin CJ Ua Dálaigh (1921)
- Litir James Fisher (1922)
- Slacán Cluiche Corr (1923)
- Litir Hazel Lavery (1923)
- Inscríbhinn i gCillín Sheosaimh Phluincéid (1923)
- Bosca Bailiúcháin (1960idí)
Bosca dubh le John Sheahan – a cuireadh an loch amach ó Phríosún Chill Mhaighneann, mí na Nollag 1842
04EF 3N41 01
Bosca dubh de chuid John Sheahan, Cill Díoma, Co. Luimnigh. Ciontaíodh Sheahan as coir thalúntais i mí Iúil 1842 agus gearradh téarma dhá mhí dhéag príosúntachta agus seacht mbliana díbeartha air. Cuireadh go Príosún Chill Mhaighneann é i Meán Fómhair 1842 agus i mí na Nollag 1842 seoladh thar lear é ar bord ‘The North Briton’. Tháinig sé go Hobart ar an 4 Aibreán 1843. Thug John Sheahan gach a bhí sa saol aige go Críoch Van Diemen sa bhosca beag seo. Tar éis dó a shaoirse a fháil san Astráil (dearbhaithe ar an 18 Aibreán 1854), bhí an-rath go deo air thall ann.
Leabhar de dhrámaí Shakespeare sínithe ag ceannairí na nÉireannach Óg
KMGLM 2010.000101
Bailiúchán de dhrámaí Shakespeare le James O’Rorke, príosúnach i bPríosún Chill Mhaighneann in 1848. Tá dánta trascríofa agus sínithe ag Thomas Francis Meagher agus William Smith O’Brien ag Príosún Chill Mhaighneann ar an 26 Lúnasa 1848 le fáil sa leabhar. Tá síniúchán Shéarlais Gabhánach Uí Dhubhthaigh, i bPríosún Newgate, ar an gcéad lá de mhí na Samhna 1848 agus Kevin Doherty, i bPríosún Newgate, an dara lá de mhí na Samhna 1848, ann chomh maith.
Duillín Béile, Príosún Chill Mhaighneann, Aicmí Éagsúla, 21 Deireadh Fómhair, 1849
05PH 1C33 22
Duillín bia líonta amach ag an Mátrún – C. Judge – do 92 bean, Aicme D agus E agus 18 bpáiste.
Bricfeasta: 86 chárt bracháin, Baine; Dinnéar: 86 Arán agus Bainne. Fuair an seisear a bhí ar liúntas ospidéil arán bán agus bainne úr.
Páistí: Bricfeasta – Brachán, Bainne agus Arán bán; Dinnéar – Arán agus Bainne.
An litir dheireanach a scríobh Charles Stewart Parnell go dtí a dhochtúir, 8 Deireadh Fómhair 1891
09LR 1E14 07
Ceann de na litreacha deireanacha a scríobh Parnell, ina ndeir sé lena dhochtúir i Londain go bhfuil sé “attacked by rheumatism”. Tá an pheannaireacht lag agus míshlachtmhar. Bhásaigh Parnell trí lá ina dhiaidh sin.
Clog Loinge ón Asgard
Ba í an Asgard an long a d’iompair 900 raidhfil agus 29,000 urchar a tugadh i dtír i mBinn Éadair ar an 26 Iúil 1914. D’úsáid Óglaigh na hÉireann na gunnaí le linn Éirí Amach na Cásca, 1916.
Cóip bhunaidh d’Fhorógra 1916, a tugadh do Mrs Kathleen Clarke
17NO 1A66 01
Cóip bhunaidh d’Fhorógra 1916, a tugadh do Mrs Kathleen Clarke, baintreach an sínitheora Tomás Ó Cléirigh. Tá a leanas scríofa ar an gcúl: “This was brought to me at my home in Richmond Avenue on Monday morning of Easter Week 1916, from GPO. Sent by my husband Tom Clarke by Miss Sarah MacMahon. Kathleen Clarke.”
Litir dheireanach Michael Mallin, Príosún Chill Mhaighneann, Bealtaine 1916
2012 0086 01
Bhí Michael Mallin i gceannas ar na reibiliúnaigh ar Fhaiche Stiabhna in 1916. Sa litir mhaoithneach dheireanach seo ó Chill Mhaighneann go dtí a bhean chéile agus a leanaí insíonn sé dóibh faoin dóchas atá aige dá dtodhchaí agus fágann sé slán orthu.
Cros Chéasta mhór a bhí ina sheilbh ag Pádraig Mac Piarais sular cuireadh chun báis é, Príosún Chill Mhaighneann, 3 Bealtaine 1916.
17RO 3G41 02
Cros chéasta mhór dhubh le figiúr, blaosc agus croschnámha, INRI agus deirí práis. Bhí an chros chéasta seo ina lámha ag Pádraig Mac Piarais sular cuireadh chun báis é i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 3 Bealtaine 1916. Tá “PMP” scríobtha ar an gcúl le biorán, Pádraig Mac Piarais atá i gceist.
Tá an chros ar iasacht ón Ath Leonard, OFM, Cap., Caomhnóir, Mainistir na gCaipisíneach, Sráid an Teampaill, Baile Átha Cliath. I litir a chuir sé leis an gcros, rinne an tAth Leonard tagairt do theachtaireacht a tháinig chuig an Mhainistir ar 2/5/1916, a dúirt a leanas:
Kilmainham Detention Barracks
Sir,
The prisoner H.T. Pearse (sic) desires to see you and you have permission to visit him. Failing you, he would be glad o see any of the capucines (sic) I am, sir,
Your obedient servant,
W.S. Kinsman, (Major) Commandant.
“In reply to the above message on May 2nd,” a scríobh an tAth Leonard, “Fr Aloysius went right away from Church St, to Kilmainham. He stayed with Pearse that night and well into the morning of the 3rd. He heard Pearse’s confession and gave him Holy Communion. Fr. Aloysius had taken his crucifix with him, the one he used when giving missions. He left it with Pearse while visiting one of the other prisoners. On his return to Pearse, he noticed the light of the corridor shining through the spy- hole of his cell. It was falling on Pearse’s face while he knelt in prayer clasping the crucifix. That was one of Fr Aloysius’s most cherished memories. Then, as a memento, Pearse scratched his initials PMP with a pin on the crucifix before giving it back to Fr Aloysius. And that is the crucifix that the Capuchins are now presenting to Kilmainham Museum.” (20/6/’66)
Paidrín a bhí ina lámha ag Tomás Mac Donnchadha nuair a cuireadh chun báis é, 3 Bealtaine 1916
Scuad lámhaigh a chuir Tomás Mac Donnchadha chun báis. A dheirfiúr, an tSiúr Francesca, a thug an paidrín seo dó an oíche sular maraíodh é. Tá an chros chéasta ar iarraidh agus tá sé ráite gur séideadh den phaidrín é sa rúisc urchar.
Muga ó Phríosún Reading a d’úsáid Cathal O’Shannon
18PH 3N31 04
Muga príosúin ó Phríosún Reading a d’úsáid Cathal O’Shannon agus é faoi choinneáil tar éis Éirí Amach na Cásca. Muga mór bán gan chluasa. Tá sé stampáilte le “Prison Commission” agus le saighead phríosúin i ndubh agus bán.
Bróg Sheáin Uí Threasaigh, 14 Deireadh Fómhair 1920
19EF 3O11 02
Ball an-tábhachtach den IRA ba ea Seán Ó Treasaigh. Maraíodh é i dtréanbhabhta lámhaigh le fórsaí na Breataine ar Shráid Thalbóid i gCathair Bhaile Átha Cliath le linn Chogadh na Saoirse. Bhí an bhróg seo á caitheamh aige nuair a bhásaigh sé agus choimeád a chomrádaí Dan Breen ina dhiaidh é.
Leabhar síniúcháin Cyril J Ua Dálaigh, Príosún Chill Mhaighneann, 1921
KMGLM 2010.0123
Ó mhí na Bealtaine go mí na Nollag 1921, bhí na hÓglaigh a ghlac páirt i loisceadh Theach an Chustaim i gcathair Bhaile Átha Cliath á gcoinneáil i bPríosún Chill Mhaighneann. Tugadh ceamara isteach sa phríosún faoi choim agus tá grianghraif agus síniúcháin na gcimí a bhí anseo ag an am le fáil sa leabhar síniúcháin seo.
An litir dheireanach ó James Fisher chuig a mháthair, 1922
20LR 1B23 26
An litir dheireanach a scríobh James Fisher, ocht mbliana déag d’aois, chuig a mháthair sular cuireadh chun báis é i gCill Mhaighneann i mí na Samhna 1922. Lámhachadh Fisher, mar aon le triúr ógfhear eile (Richard Twohig, Peter Cassidy agus John Gaffney) sa Phríosún ar an 17 Samhain 1922. Chuir an Saorstát seachtó seacht duine ar fad chun báis le linn Chogadh na gCarad, na fir seo ar dtús.
Slacán Cluiche Corr Shighle Humphreys, Príosún Chill Mhaighneann 1923
OBJ0072
Le linn an Chogaidh Chathartha, coinníodh na céadta mná ó mhórthimpeall na hÉireann i bPríosún Chill Mhaighneann. Bhí Sighle Humphreys ar dhuine acu. D’úsáid sise cos chathaoireach chun bata a dhéanamh le cluiche corr a imirt sna clóis aclaíochta.
Litir fhuilsmeartha ó Hazel Lavery a thángthas uirthi ar chorp Mhichíl Uí Choileáin, 22 Lúnasa
20BK 1J21 15
Bhí an litir seo ar na hearraí a thángthas orthu ar chorp Mhichíl Uí Choileáin nuair a maraíodh é ag Béal na Blá i gCo. Chorcaí le linn an Chogaidh Chathartha. Thug a dheirfiúr, Hannie Collins, ar ais do Hazel Lavery í ina dhiaidh. Choimeád sí an litir greamaithe i leabhar dánta de chuid Dante Gabriel Rossetti.
Píosa adhmaid ó chillín Sheosaimh Phluincéid, sínithe ag Grace Gifford Plunkett, 1923
17PF 3I21 06
Píosa adhmaid a tógadh ón gcillín ina raibh Seosamh Pluincéid á gcoinneáil ar an oíche sular cuireadh chun báis é. Tá inscríbhinn lámhscríofa, “This is Joseph Plunkett’s Cell’, le feiceáil air, a scríobh a bhaintreach Grace Plunkett le peann luaidhe agus ise á coimeád anseo í féin in 1923 (le linn an Chogaidh Chathartha).
Bosca Bailiúcháin – Tacaigh le hAthchóiriú Phríosún Chill Mhaighneann
21RE 1G12 04
Bosca beag cartchláir dubh agus bán le “Support the Kilmainham Jail Restoration” scríofa ar na taobhanna. Sliotán do bhoinn ar barr.
Bhí i gceist leis an mbosca seo, agus a thuilleadh dá leithéid, go mbaileofaí airgead chun an obair athchóirithe ar Phríosún Chill Mhaighneann a mhaoiniú. Thosaigh an obair seo sna 1960idí agus ba ghrúpa oibrithe deonacha a bhailigh an t-airgead agus a rinne an obair.