Acmhainní

Tá áthas orainn a bheith ábalta roinnt cáipéisí an-tábhachtacha a bhaineann le Príosún Chill Mhaighneann a chur ar fáil don phobal.

Brúigh ar íomhá an doiciméid chun teacht ar an PDF iomlán ar féidir a léamh ar líne nó a íoslódáíl go dtí do ríomhaire féin. Déan tagairt do Mhúsaem Phríosún Chill Mhaighneann in aon úsáid a bhaintear as na doiciméid seo, le do thoil.

Freastalaíonn Músaem Phríosún Chill Mhaighneann orthu siúd atá i mbun taighde staire trí rochtain ar an mbailiúchán stóir a cheadú. Is gá coinne a dhéanamh chun rochtain a fháil ar an mbailiúchán stóir. Chun coinne a dhéanamh, téigh i dteagmháil linn tríd an bhfoirm fiosrúcháin.

Scrollaigh síos chun teacht ar eolas faoi thaighde ginealaigh ag an bPríosún.

Liosta ainmneacha fótachóipeáilte, Príosún Chill Mhaighneann, Iúil 1848

05MS-1D46-14

Ábhar fótachóipeáilte a bhaineann le roinnt fear a gabhadh i bPríosún Chill Mhaighneann tar éis Éirí Amach Éire Óg i mí Iúil 1848. Dar le Ceannfort na bPóilíní go raibh amhras ann go raibh na fir sáite i ‘gCleachtais Thréasacha’.

Bunreacht Óglaigh na hÉireann a Glacadh leis ag an gCéad Chomhdháil de chuid na nÓglach, 25 Deireadh Fómhair 1914

16PL-1C13-16

Bunreacht Óglaigh na hÉireann a glacadh leis ag an gCéad Chomhdháil de chuid na nÓglach, Amharclann na Mainistreach, Baile Átha Cliath, 25 Deireadh Fómhair 1914. Leagtar amach ann aidhmeanna na heagraíochta mar aon le treoir maidir le rollú, raon agus córas eagrúcháin agus rialú na nÓglach.

Clár comórtha a d’eagraigh Banphríosúnaigh Chogaidh Phoblachtacha i gCill Mhaighneann ar an 24 Aibreán 1923

KMGLM 2015.0086

Clár lámhdhéanta do na hócáidí comórtha a d’eagraigh na banphríosúnaigh i bPríosún Chill Mhaighneann, 24 Aibreán 1923. I measc na n-ócáidí bhí aifreann éagnairce do na fir a cuireadh chun báis, óráidí ó ghaolta na gceannairí marbha agus ansin ceolchoirm agus dráma san oíche. D’eagraigh na mná an ócáid seo mar chomóradh seacht mbliana ar Fhorógra 1916.

Ordú i dTaobh Príosún Chill Mhaighneann (Dúnadh), 1929

21LG-1D54-05

An t-ordú oifigiúil a tháinig ó Shaorstát Éireann chun Príosún Chill Mhaighneann a dhúnadh. Dúnadh Príosún Chill Mhaighneann go deo in 1929.

Cuimhneachán ar Chuairt go Príosún Chill Mhaighneann, Meitheamh 1938

21PL-1C21-17

Paimfléad cuimhneacháin ar chuairt go Príosún Chill Mhaighneann a d’eagraigh Cumann Óglaigh na Cásga. Bhí an Príosún dúnta go hoifigiúil ó 1929.

‘The Kilmainham Meeting Report’ le Lorcan Leonard, c.1961-2

KMGLM 2015.0333.01-.06

Ba é Lorcan Leonard a chuir le chéile ‘The Kilmainham Meeting Report’. Leagann sé amach riocht an Phríosúin i mí Bealtaine 1960 nuair a thosaigh Cumann Athchóirithe Phríosún Chill Mhaighneann ag obair, agus dul chun cinn na hoibre ó shin.

Ginealas

Príosúnaigh 1797-1910

Tá cláir an phríosúin do Phríosún Chill Mhaighneann coimeádta i gCartlann Náisiúnta na hÉireann, Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8. Tá cláir ar fáil don tréimhse 1797-1824 agus 1830-1910 agus is féidir iad a cheadú ar mhicreascannán nó ar an suíomh ginealaigh ar líne, Find My Past.

Tá taifid na bpríosúnach a díbríodh chun na hAstráile sa 19ú haois le fáil i gCartlann Náisiúnta na hÉireann chomh maith. Is féidir teacht ar an eolas seo trí bhunachar sonraí ar an suíomh idirlín acu.

Príosúnaigh Pholaitíochta, 1916-23

Stad Príosún Chill Mhaighneann de bheith ag feidhmiú mar ghnáthphríosún in 1910. Athosclaíodh é ag tréimhsí áirithe idir 1916-1924 mar phríosún don líon mór príosúnach polaitíochta a gabhadh i rith Éirí Amach na Cásca 1916, Cogadh na Saoirse 1919-21 agus an Cogadh Cathartha 1922-23.

Ar an drochuair, níor mhair cláir na bpríosúnach do Phríosún Chill Mhaighneann ón tréimhse seo. Tá Músaem Phríosún Chill Mhaighneann tar éis liostaí de phríosúnaigh pholaitíochta ón tréimhse seo a thiomsú ó fhoinsí éagsúla, ach níl aon cheann de na liostaí sin iomlán.

Má tá eolas á lorg agat faoi iarphríosúnach polaitíochta ar leith a bhí i bPríosún Chill Mhaighneann, téigh i dteagmháil linn, le do thoil. Tabhair a oiread eolais agus is féidir, le do thoil, sonraí faoi cárbh as an duine agus faoi ghníomhaíochtaí an duine sa tréimhse 1916-23 san áireamh.