Athchóiriú

Anois agus arís ón uair a tréigeadh é in 1924, thagadh an cheist aníos faoi céard a bhí le déanamh le Príosún Chill Mhaighneann. Ceist róchigilteach go fóill ba ea an méid a tharla ann do dhaoine áirithe agus bhí rialtas i ndiaidh rialtais sásta ligean don fhoirgneamh leanúint ar aghaidh ag dul i léig. In imeacht ama, áfach, d’éirigh daoine a bhí bainteach leis na luathbhlianta corracha sin níos báúla leis an smaoineamh gur chóir an ról a d’imir an Príosún a aithint, b’fhéidir ar an ábhar nár theastaigh uathu go ndearmadfaí na heachtraí sin a tharla. Tháinig grúpa, le seansaighdiúirí ina measc, le chéile thart ar 1960 agus é d’aidhm acu an foirgneamh a athchóiriú mar chuimhneachán. Ba é a spreag iad ar dtús ná an comóradh caoga bliain d’Éirí Amach na Cásca, a bhí sé bhliana os a gcomhair in 1966.

I write to you on behalf of myself and Mr PJ Stephenson that you may submit to your Committee or Council, our request for support and/or help in an effort to save Kilmainham Jail from the ravishes of time and the indifference of politicians. It is our intention to get a committee to plan a real campaign to restore Kilmainham Jail and arrange the prison as an Historical Museum, and principally, to elevate that weed-grown, debris-strewn yard of which you are aware, to the most holy spot in Ireland.

Lorcan Leonard go Seán Dowling, Cathaoirleach Chumann an tSean-IRA, 9 Meitheamh 1958.

James Brennan, Runaí Chumann Athchóirithe Phríosún Chill Mhaighneann, ag treorú grúpa cuairteoirí trí Sciathán Thoir an Phríosúin, Bealtaine 1960. OOP.
Póstaer beag dar teideal ‘Help the Kilmainham Jail Restoration Society’. OOP.

D’éirigh leo san aidhm a bhí acu agus rinne siad spás inúsáidte den Phríosún faoin mbliain 1966. In Aibreán na bliana sin, d’oscail an tUachtarán Éamon de Valera an músaem nua, a bhí lonnaithe anois sa Sciathán Thoir. Bhí de Valera ar dhuine de na príosúnaigh dheireanacha a scaoileadh saor ón bpríosún in 1924, rud a d’fhág go raibh tocht ar leith ag baint leis an ócáid.

Ní raibh deireadh le saothar Chumann Athchóirithe Phríosún Chill Mhaighneann in 1966, áfach. Thug siad an fiche bliain ina dhiaidh sin ag déanamh an t-uafás obair dheonach ar an bhfoirgneamh. Mar chuid den obair sin chaith siad crainn agus toir a bhí tosaithe ag fás a stoitheadh amach, lotnaidí a dhíbirt, gloine nua a chur in áit na gloine briste, obair iarainn mheirgeach a chaitheamh amach agus adhmad agus plástar a bhí ag lobhadh a bhaint amach agus a macasamhla a chur ina n-áit. Tháinig an maoiniú do na hiarrachtaí seo ó shíntiúis ón bpobal, maoiniú rialtais agus fiontair ghlice a bhain úsáid as an bPríosún, ar nós é a ligean ar léas mar láthair scannánaíochta. Rinneadh cuid den scannánaíocht do leithéidí The Quare Fellow (1962), The Italian Job (1969), agus The Last Remake of Beau Geste (1977) sa Phríosún. Fuair an obair cabhair ollmhór ó cheardaithe chomh maith, le suas le 200 ceardaí ag obair go fonnmhar gan íocaíocht ar an láthair sna tráthnónta agus ag deireadh seachtainí sna 1960idí.

When I say the yards and paths were impassable or blocked I am not exaggerating, the whole open areas to the south, east and north was a jungle. Trees standing twenty to thirty feet high with a dense undergrowth of brambles and thorn bushes from four to five feet high. The condition of the inner yard of the ’98 section of the prison defies description. The external walls of the site running from thirty to forty feet high were festooned with ivy especially along the north, east and south sides, so much so that the actual walls could not be seen. … Much to the dismay of the pigeons overhead and rats underfoot we set out to first push back the advance of nature and arrest the ravages of time and neglect.
Lorcan Leonard, 'The Kilmainham Project as I Dreamt It and Lived It'

Sa bhliain 1986 aistríodh Príosún Chill Mhaighneann go dtí cúram an stáit, faoi Oifig na nOibreacha Poiblí. Rinneadh Bord na gCuairteoirí de Chumann Athchóirithe Phríosún Chill Mhaighneann agus tá páirt thábhachtach acu sa Phríosún go fóill, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí comórtha. Ó na 1990idí go háirithe i leith, tá cáil an Phríosúin tar éis méadú go mór agus tarraingt air dá réir. Tagann os cionn 300,000 cuairteoir ar cuairt go dtí an Príosún gach bliain. Cuireadh foirgneamh nua leis an bPríosún in 1996, é tógtha d’aon turas chun déantúsáin an Mhúsaeim a choinneáil. Tá Príosún Chill Mhaighneann le feiceáil mar láthair scannánaíochta i gcónaí leis, agus taifeadadh déanta san fhoirgneamh ar scannáin ar nós In the Name of the Father (1993), Michael Collins (1996), The Escapist (2008), agus an tsraith drámaíochta Rebellion le RTÉ le deireanas. Le tríocha bliain anuas tá an Príosún tar éis láthair a chuir ar fáil d’ócáidí a thagann leis an gcarachtar stairiúil atá aige chomh maith; drámaí, ceoldrámaí agus taispeántais ealaíne a roghnaíodh go cúramach, mar shampla.

Is féidir leat léamh faoi ailtireacht an bhunfhoirgnimh freisin.